School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 238
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear in a chomhnuidhe i gGleanncholuimcille fad ó shoin a rabh Seán Ó Domhnaill mar ainm air. Bhí sé 'na phíobaire agus théidheadh é fhad leis na h-aontaighe féachaint a dtiocfhadh leis beagán nó morán a saothrughadh le na ghléas cheóil.”
(continued from previous page)marbh fear as Gleann an Budallán”.
Caith sé rith an tráthnóna mar sin ag fiafruigh do gach duine caide’n scéal a bhí leis agus ní rabh as béal gach duine dá dtigeadh an bealach ach gur mharbh fear as Gleann an Budallán”.
Ní rabh faoiseamh le fághail aige agus ba é deireadh an scéil go rabh sé ag dul ó áit go h-áit agus ó theach go teach ar a sheachnadh agus an tóir in a dhiaidh.
Fear pósta a bhí ann agus fhad a’s bhí sé ar a sheachnadh bhí dáimh aige le cailín a bhí i dteach a bhainfeadh sé faoi go minic ann agus bhí sé ag brath í a phósadh. Fuair a bhean chéile leideadh ar seo agus ghléas sí comh tiugh géar a’s thiochfadh leithe agus níor chaill sí mórán ama gur bhain sí an teach amach.
Isteach ar an doras léithe, sheas sí i lár an urláir agus dhearc sí thart. Bhí a fear féin, Seán Ó Domhnaill, in a shuidhe ag taoibh na teineadh agus sul má rabh faill ag(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dún Allt, Co. Donegal