School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 251
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear as an bhaile sagainne ag iasgaireacht ar Charraig an Iolair fad ó shoin agus thuit an oidhche air sul mar mhothuigh sé. Thug sé iarraidh ar an bhaile ach sháruigh sé air a bhealach a dheánamh, agus cia h-áit a bhfuair sé é fhéin sa deireadh ach stoigh i gcúirt. Nuair nach dtáinig sé abhaile agus mar nach rabh sé le fághail i n-aon chearn shaol a mhuinntear sa bhaile gurab é an rud a cailleadh é.
Bhí sé annsin sa chuirt agus tháinig bean go leic an doras lá amháin agus d’iarr sí air gan a’n gheim bidh a gheobhadh sé ann a bhlasadh agus níor bhlas. Bhí sé ag amharc ar na daoine beaga ag damhsa agus ag deánamh an uile cineal pléisiúir go dtí lá amháin a tháinig bean bheag ruadh(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Address
- Dún Allt, Co. Donegal