Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 251
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear as an bhaile sagainne ag iasgaireacht ar Charraig an Iolair fad ó shoin agus thuit an oidhche air sul mar mhothuigh sé. Thug sé iarraidh ar an bhaile ach sháruigh sé air a bhealach a dheánamh, agus cia h-áit a bhfuair sé é fhéin sa deireadh ach stoigh i gcúirt. Nuair nach dtáinig sé abhaile agus mar nach rabh sé le fághail i n-aon chearn shaol a mhuinntear sa bhaile gurab é an rud a cailleadh é.
Bhí sé annsin sa chuirt agus tháinig bean go leic an doras lá amháin agus d’iarr sí air gan a’n gheim bidh a gheobhadh sé ann a bhlasadh agus níor bhlas. Bhí sé ag amharc ar na daoine beaga ag damhsa agus ag deánamh an uile cineal pléisiúir go dtí lá amháin a tháinig bean bheag ruadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Allt, Co. Dhún na nGall