School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)185. An rud nach bhfuil le fághail 'sé a d'óirfeadh.
186. Is maith liom go maith i bhfad uaim thú.
187. An áit a bhfuil toit tá teine.
188. Trí lá liom ar an lóin.
189. Bíonn muid ag dúil le muir acht ní bhíonn muid ag dúil le h-uaigh.
190. Can focal nó dó a's mur dtig leat tar bó.
191. Ná bí i dtoiseach san abar ná ar deireadh san choill.
192. Is cóngaraighe cabhair Dé ná an doras.
193. Ní bhfuair dorn duidte dadaidh ariamh.
194. Saint naonbhar, fear gan teaghlach
Saint naoi naonbhar sa t-sagart.
195. Nuair a thig rud tig rud eile.
196. Dá deas maol is measa mullach.
197. Deireadh gach cuirme a cháineadh,
Deireadh gach áithe a lorgadh,
Deireadh gach luing a bháthadh
Agus deireadh gach sláinte osna.
198. Aithnidh ciaróg ciaróg eile.
199. Ní féidir le sac folamh seasamh ná le ceann lán cromadh.
200. (Is feárr go mall ná go bráth) Is deacair mná caidé tá sa phoca nuair atá an clár air.
201. Ceann confhuar ar mhaidin earraigh agus rith fearraigh ? ó shin go dtí an oidhche.
202. Is do an mharcuidheacht nach fearr ná’n casidheacht ?
203. Níor bhlas sé an biadh nach mblasfaidh an bás.
204. Déan beagán de’n mhórán agus mórán de’n bheagán.
205. Ná trust de chnámha capall go mbídh siad seacht mbliadhna marbh.
206. Lá Fhéil’ Pádraig san earrach, iasg ar gach linn agus neadracht sa choill.