School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-eadach. Nuair a tháinig sé abhaile leis bheir an Donnan ar. Chauidh sé amach ar an doras leis agus ní bhualfa do dhá bhois ar a chéile go dtáinig sé isteach agus culaigh nua éadaigh leis. D'imthigh Aodh Ó Baoghaill, an Donnan agus fir na h-áite i ndiaidh an chreach. Nuair a bhí siad ag teacht aniar Cill Rioghain dubhairt an Donnan go ndearna sé dearmad agus go gcaithfeadh sé pilleadh. D'iarr sé ar na fir eile siubhal ar aghaidh agus nach mbéadh seisean i bhfad a fhaghail suas leo. Ní rabh píosa ar bith siúbhalta aca go bhfuair an Donnan suas leo. Shín siad annsin ag rathaidh i ndiaidh a chreach. Fuair siad suas leobhtha ag dul suas bealach na gCreach. D'fhiafruigh an Donnan de Aodh Ó Baoghaill ce aca a b'fhearr an chreach a bhaint amach le buille sláite na le buille claidheamhthach. "Creidim gur b'fhearr iad a bhaint amach gan buaileadh ar bith" arsa Aodh Ó Baoghaill. Léim an Donnan amach fuair sé greim adhairce ar an bhó i lár an bhealaigh mhóir agus dubhairt sé "Te te a bhó mhóir go dtí an gamhain" Thionntuigh sé deireadh thart ag tarraingt ar a bhaile(continues on next page)
- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal