School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 233
- XML “Scéal an Choiligh Dhána”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí coileach ann aon uair amháin agus bhí sé ag siubhail thart le poll mhór uisge. Caidé a chonnaic sé shíos ins an pholl acht coileach eile. Chuir an coileach a bhí ar an bhruach cuma an drochmhúínte ar fhéin agus ar ndóighe chuir an coileach a bhí shíos an chuma chéadna air fhéin. Bhí sean-chearc ag ghábhail thart agus dubhairt sí leis fuireacht amach. Shín an coileach amach a cheann agus shín an ceann eile síos a cheann fosda. Chraith an coileach a bhí ar an bhruach a eiteogaí agus rinne an ceann a bhí shíos an rud céadna. Ins an deireadh léim an coileach a bhí ar an bhruach síos mar shíl sé gur coileach eile a bhí shíos ar fad le dhul a troid leis. Báitheadh an coileach bocht.Bríghid Ní Bhaoighill
Mullan Mór,
Na Gleanntaí.- Informant
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- An Mullán Mór, Co. Donegal