School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 244
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann aon uair amháin agus ní rabh Béarla ar bith aicí.
Bhí sí ag dul 'un an margaidh an lá seo le stocaí. An oidhche roimhe reidh fuair sí duine dithe agus a dhíolfadh na stocaí dithe. Seo an méid a d'fhoghluim sí: "fifteen pence a pair." "If you don't some other will." D'imthigh sí léithe na margaidh leis na stocaí agus casadh fear uirthí agus é ar dhruim beithigh. D'fhiafruigh sé dithe "How much a pair." "fifteen pence a pair." "If you don't some other will. "Tháinig sí abhaile gan na stocaí a dhíol.Bríghid Ní Ghallchobhair, Árd Donn, Na Gleanntaí.- Informant
- Bríghid Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal
- Oidhche amháin bhí fear ag teacht on aonach le asal agus trucail. Ní rabh solas ar bith aige ar an trucail agus bhí eagla air roimh na gardaí. Oidhche lann gheallaidhe a bhí ann agus nuair a bhí sé míle o na bhaile fhéin chonnaic sé garda roimhe ar an bhealach. Léim sé síos agus sgaoil sé amach an t-asal, cheangaill sé é annsin(continues on next page)
- Informant
- Seán Mac Mhonagaile
- Gender
- Male
- Address
- Dúrian, Co. Donegal