School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 308
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Diarmuid mála fraoich leis go Cill Chluainigh agus chodlaigh ar an mála an oidhche sin. Chogaim Fionn a ordóg arís agus dubhairt gur ar Charn a' Mhaoin a bhí siad agus mhair siad mar sin go dtí lá amháin chodlaigh siad ro-fhada agus tháinig an oidhche orra ag Cill Riain agus rinne siad a leabaidh annsin. Tháinig an tóir orra agus beireadh orra ar chnoc i gConnacht. Baineadh moill astu ag troid le torc agus loiteadh Diarmuid comh mór sin go raibh sé a' saoradh an bháis nuair a tháinig Fionn fhad leis.
Bhí buaidh ag Fionn dá dtabharfadh sé deoch uisge ghlan as boisibh a dhá láimh go duine ar bith a bheadh tinn go leisfeadh sé é.Nuair a tháinig sé fhad le Diarmuid d'iarr Diarmuid deoch air agus bhí Fionn ag tógbháil an uisge nuair a fuair sé amharc ar Ghráinne agus leig sé de'n uisge tuitim eadar a mhéara. D'iarr Diarmuid an deoch athuair agus nuair a bhí Fionn dá thógbhail athuair fuair sé amharc eile ar Ghráinne(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean Ua Braonáin
- Gender
- Female
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal