School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fad ó bhí, baintreabhach agus a mac amháin beo go bocht i dteach beag ceann tuigheadh. Seán a bhí ar an mhac agus bhí sé iongantach fallsa. Shuidheadh sé lá indiaidh lae ag amharc ar a mháthair ag déanamh a chuid oibre.
Lá dá raibh an mháthair ag cuartú ádhbhar teineadh cé tháinig isteach ach cailín ón chomharsantacht. Thoisigh an mháthair ag innse don'n chailín caidé comh fallsa agus a bhí Seán. "Arú!, leig dó,' arsa an cailín" nach bhfeiuceann tú go bhfuil an bás ar iompar leis."
Léim Seán as an luaith agus bhain crochadh as féin. " níl bás ar bith ormsa,",deir sé agus siúd amach ar an doras leis agus thug leis tuagh agus níor stad sé gur ghearr sé oiread adhmaid agus ' rinne gnoithe seachtmhaine.
Maidin lá thar na bhárach nuair a d'éirigh sé dubhairt sé go raibh seisean a' dul a shaothrú a chodach. Rinne sise dhá thuirtin aráin agus nuair a bhí sé ag imtheacht d'fhiagruigh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mhac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Eirg, Co. Donegal