School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 422
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí saor beo in Éirinn sa tseanam agus pósadh é. Nuair a bhí sé trí mhí pósta d'imthigh sé ag cuartú oibre. Casadh fear air an lá céadna a thug obair dó. Char dhiarr an saor tuarasdal agus char thairg an fear é. Bhí sé ag obair do'n fhear fiche bliadhan.
Ag deireadh an ama sin thoisigh sé ag smaointiú ar an bhaile agus ar a mhnaoi a d'fhág sé 'na dhiaidh. D'innis sé do'n mhaighistear nach bhfuair sé scolb nó sgéal ó na mhnaoi le fiche bliadhan agus nach bhfuair sise scolb nó sgéal uadhsan ach oiread agus go gcaithfeadh se dhul a' amharc ciaca raibh sí beo nó marbh.
A' imtheacht dó thug an mhaighistreas madadh ruadh dó,theannta istigh i mbeart clúmhduighthe le páipeár.
Ba bheag a shaoil se dó'n bheart agus é ag teacht le pócaí folamha.
Sular fhág sé d'fhiafruigh an maighistir dó ciaca a b'fhearr leis an t-airgead nó trí comhairleacha. Dubhairt seisean(continues on next page)