Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 378
- XML “Na Colmáin Bhána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin bhí fear agus bean ann agus bhí mac amháin aca.Bhí siad an-bhocht agus thug an t-athair leis an buachaill beag lena chur ar fastodh. Ar a' bhealach casadh fear beag ribeach ruadh air. Bheannaigh se de'n fhear bheag mar a ghnídhtí ins an am sin agus bheannaigh an fear ruadh dó.
D'dhiafruigh an fear ruadh dó cá raibh sé 'dul agus d'innis seisean go raibh sé 'dul fhad le margadh na bfhastoidheachta leis an bhuachaill." Cá mhéad a ghlacfaidh tú air ar feadh bliadhna agus lae?."
" Cúig phunnt agus ceird."
"Margadh é," arsa an fear beag ribeach ruadh agus thug leis an gasúr.
Nuair a bhí an bhliadhain agus an lá istigh d'imthigh an t-athair leis an ghasúr a thabhairt 'na bhaile. Ar an bhealach treasna sléibhe dó casadh an madadh beag caol dubh air agus bhí ag dul a thabhairt cic do'n mhadadh nuair a labhair an madadh.
"Ó, ná buail mise, mise do mhac féin agus tá obair chruaidh romhat sula dtig leat mise a thabhairt 'na bhaile.Beidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Donegal