School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 305
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Am amháin tháinig an-ghruaim ar Fhionn agus ní labharfadh sé agus ní híosfadh sé a'n ghreim féin agus fá gháire de ní thiocfadh leo aoibh a chur air ní hamháin mion-gháire a dhéanamh. Bhí seo a'cur trioblóide móire ar na Fiannaibh agus lá amháin rinne siad amach go gcuirfeadh siad ceist air ach dubhairt Goll leo nach raibh gnoithe ar bith ceist a chur air. " Tá fhios agamsa caidé tá air. Tá bean a dhíth air." Fuair siad amach gur inghean Chormac Mac Airt an bhean a chuir sé spéis innti, agus d'imigh na Fianna uilig le Fionn go bhfuigheadh siad inghean Chormaic dó. Nuair a shrois siad Teamhar cuireadh fearadh na fáilte rompa agus rinneadh reidh féasta ar leith dóibh.
    Nuair a bhí an chuirim ag dul 'un tosaigh tháinig mná an toighe amach as a ngrianán 'saca féin go bhfeicfeadh siad na Fianna. Tháinig inghean Chormaic leo. Anois, go Cnocaibh Chuinn ní raibh a'n bhean comh hálainn le Gráinne - ingean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Ua Braonáin
    Gender
    Female
    Address
    An Sealgán Mór, Co. Donegal