School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuir trí ingeacha Mhac Conchubhair na gCrosann cuireadh ar Fhionn agus a mílisí agus 'sé an rud a bhí sa chuireadh- cuireadh feille, agus sé an áit a raibh an dinnéar le bheith istigh in uathaigh ag áit a dtugtar Cannan Cheann a tSléibhe air.
Tháinig Fionn agus iomlán a chuid fear ach Diarmuid Donn a bhí rud beag mall.
Nuair a tháinig siad 'fhad leis an uathaigh casadh orra na triúr ningeanach a chuir fearadh na fáilte rompa agus thug isteach iad agus d'iarr orra suidhe síos. B'é an uathaigh an áit a ba deise a bhfacaigh siad ariamh. Bhí dhá chineal éadaigh mullach a chéile ar an urlár faoina gcosaibh, agus línín shíoda ina mhullach sin.
Bhí an cosamhlacht dinnéara a ba mhó agus ab fhearr a bhfacthas ariamh dá dhéanamh réidh ag dhá chócaire dhéag i gcultachaibh gheala bhána thart fán tinidh agus sé an áit a raibh an(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal