School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 311
- XML “Baoghlach na Crannóige Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síogaidhe ina sheomra agus d'innis dó caidé rinneadh air agus, adeir sé,"shaoil mé go ndéanfá thusa rud eighinteacht domh agus in áit sin ní dheachaidh tú amach féin ag amharc ar mo chaill".
D'fhiafraigh an síogaidhe ar fágadh rud ar bith maith nó holc aige. " Níor fágadh, maise ach stail beag gorm agus ní fhágfaidhe eisean féin acht gur bé gur mharbhuigh sé ceathrar de na saighdiuraibh a thug iarraidh é a thabhairt ar shiubhal." Dúirt a' síogaidhe go raibh a sháith ansin.
Líon sé mála de na cipínibh agus chuaidh ar mhuin an stail, an mála ar a chúlaibh agus as go bráthach leis. Fuair sé suas leo ag áit a dtugtar Bealach na gCreach air ó shin. Níor fhág sé a'n duine aca beo le hinnse cá raibh said, nó caidé d'éirigh dóibh, nó cé mharbhuigh iad, acht níor fágadh oiread agus saighead amháin 'sa mhála.
Fuair a' Baoghlach beathach iasachta ó dhuine muinnteartdha in Ard a Rátha agus lean an síogaidhe go bhfeicfeadh sé caidé a bhí sé ag brath a dhéanamh. Bhí an t-eallach dá chastáil air daréir mar bhí sé ag dul soir. Sa deireadh casadh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal