School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 348
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bhfuair sé an t-airgead céadna a thomhais a bhean agus isteach leis go teach leanna agus d'iarr gloinne lán. Nuair a bhí sin ólta aige, " Cá mhéad air?", arsa seisean. " Sé píngine," arsa an fear." Bhail, nuair atá sé comh saor ólfaidh mé gloinne eile", agus d'ól.
Siúd síos an tsráid leis agus cheannuigh beart de rudaibh bheaga a bhí a dhíth orra 'sa bhaile. D'áirdigh sé an beart ar a mhuin, chaith sileig ar a bhata agus theann air a bhaint an baile amach.
Bhí tráthnóna bréagh socair ann agus shiubhal sé leis ar a shuaimhneas. Ní raibh sé ach giota beag taobh amuigh de'n bhaile mhór go bhfacaidh se sluagh mór marcach ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Níor chuir sé móran suime ionnta a' chéad uair, ach nuair a bhí sé ag tarrraingt comhgharach chualaidh sé achan fhear ag scairtigh. " Tabhair ceann domhsa, tabhair ceann domhsa." " Seadh", arsa Séamus fosda, " tabhair ceann domhsa." " Maith go leor", arsa an ceannphort agus thug dó stéad each bán. D'fhág Séamus uadh an beart agus an bata agsu léim ar mhuin an bheithigh.
Rinne an ceannphort fead agus rud ar(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal