School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 374
- XML “Mac Chonall Dhuibhlinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad ar bhruachaibh na fairrge. "An bhfeiceann tú an t-oileán glas sin,"arsa fear amháin don bhunadh ruadh. " Sin an áit atá do bhean agus an Coileach Tárnochta."
Bhuail sé ansin cic ar chloich agus rinne bád;bhuail an fear eile cic ar chloich agus rinne bád; bhuail an tríomhadh fear cic ar chloich agus rinne bád. Léim siad isteach ins na bádaibh agus sheoil leo. Fágadh Mac Chonaill 'na sheasamh ar an tráigh ag strócú a fhoilt. Nuair a bhí na bádaí 'dul as amharc bhuail Mac Chonail cic ar chloich agus rinne bád níos feárr nó ceachtar aca.
Léim sé isteach ins an bhád agus ba ghoirid go bhfuair sé greim orra agus sheoil siad leo go dtáinig siad go dtí an t-oileán. D'innis na fir ruaidh dó ansin dá mbeadh gnoithe aige leo in am ar bith nach raibh dadai le déanamh aige ach sgairtigh Cú 'nDeas Ruaidhe, Seabhac 'nDeas Ruaidhe agus Bradán'n Deas Ruaidh. D'imthigh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mhac Ghloinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Eirg, Co. Donegal