School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 384

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 384

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 384
  3. XML “Na Colmáin Bhána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean fear dó fein arís agus d'innis di an chéad uair eile a d'iarrfadh siad an fáinne tabhairt orra teach beag a dhéanamh agus í féin suidhe ag taoibh amháin de'n teinidh agus iadsan ar an taoibh eile. Annsin an fáinne a sháthú anonn ag fear aca ach leigint de tuitim sa teinidh.
    Rinne ingean an ríogh iomlán seo agus nuair a thuit an fáinne isteach sa teinidh rinneadh gráin eorna de. Rinne siadsan dhá éan díobh féin agus thoisigh 'piocadh an ghráin. Nuair a fuair seisean crom iad rinne sé madadh ruadh do féin agus cionnas nach raibh siad ag amharc air dá dhéanamh ní raibh fhios aca caidé'n cosamhlacht a bhí air. Rinne siad dhá ghé dóibh féin agus d'ith an madadh ruadh an dá ghé.
    Pósadh é féin agus ingean an ríogh agus chá raibh anas nó ocras ar an athair nó an mháthair ó sin amach.
    Ó Seán Mac Gloinn (R.I.P.) Loch Eirig.
    R Ní B
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mhac Gloinn
    Gender
    Male
    Address
    Loch Eirg, Co. Donegal