School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 397
- XML “Scéal Thobar Chonaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níor luaithe a bhí na croisíní tógtha aici nó d'éirigh sí comh bacach agus bhí ariamh. Níl fhios ag duine ar bith caidé d'éirigh dí 'na dhiaidh sin.
Bhí fear saidhbhear Gallda i gConnacht agus chualaidh seisean iomrádh ar Thobar Chonaill agus tháinig anuas le na choisde le leigheas a fhághail. Creapailte a bhí sé. Bhí giomanach leis agus chuartaigh seisean thart go bhfuair se bean a dhéanfadh an turas dó. Dubhairt sé go ndíolfadh sé go maith í ar son a dhéanta.
Rinne sí an turas ach sular thoisigh sí dubhairt sí:-
" A Chonaill, tá mé dhul a dhéanamh do thurais do Albanach agus ní i mhaithe leis an Albanach shalach atá mé ag iarraidh brígh do thurais ach i mhaithe le do chlú féin a sheasamh."
Nuair a bhí an turas déanta d'éirigh an fear Gallda comh húr, óg , gasta agus bhí ariamh agus shiubhail sé go Connacht in áit dhul ar an chóisde.Ag an Canónach Ua Cinnéide ( RIP), sagart paróisde Inis Caoil agus ag Proinnseas Ua Braonáin, An Sealgán.
R Ní B- Collector
- Rois Ní Braonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Canónach Ua Cinneide
- Gender
- Male
- Occupation
- Sagart
- Address
- Inishkeel, Co. Donegal
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal