School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bhfad ó shoin bhí clú agus cáil ar ár gceanntar fhéin fá dtaoibh de na fathaigh móra a bhí ann. Bhí fear amháin ann darbh ainm "Leithghin". Duine crodha, cálma a bhí ann. Deirtear gur thóg sé an chloch a b'mhó ar Chnoc Leach-Chonnaill agus gur chaith sé uaidh í anonn gó dtí an taobh eile de uisge an Ghaoith Bhearra agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu, beirtear "Cruach Léithghin" ar an chnoc sin.
Innistear sgeal deas fa chailleach a bhí ina comhnuidhe san cheanntar seo, tá cúpla céad bliadhain ó shoin. Bhí oiread písreógaí aicí gur tugadh an Chailleach Phísreógach uirthí. Bhí draoidheacht aicí. Seo cuid de na rudaí a bhí sí ábalta a dheanamh. "Ní rabh aicí le déanamh ach feadóg a chur ina béal agus í a shéideadh agus roimh dhá second bhí éanlaith an domhain cruinnighthe aicí, eadar beag, agus mór, óg agus aosta. Ní rabh aicí le déanamh ach slát sailóige a chaitheamh ar an talamh roimpí agus cia bith a léannfadh an t-slat, bheirfeadh sí go geaftaí Aifréann(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal