School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 035
- XML “Aráin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An chéad rud a dheanfaidhe, bheirfidhe isteach cupla punann choirce, bhuailfidhe iad Churfidhe an coirce isteach in mála agus bheirfidhe amach leis an ghaoth é, agus cháithfidhe é. Annsin bheirfidhe isteach e, agus cuirfidhe isteach í bpota ar an teinidh é measgocaidhe thart é go dtí go dtiormeochfidhe go maith é, ag tabhairt aire ins an am cheadhna nach ndóighfidhe é. Nuair a bheadh sé tirim go maith, chuirfidhe ar an chriathar. (Bheadh criathar acu a dheanfaidhe de chroiceann chaorach, agus a pollfidhe le meanaidhe, go dtí go mbeadh sé in a criathar) Annsin bheadh sé in a mhin.
Bhí bró acu, sin dhá chloch, agus rotha a dtabhairt thart. Dhá fhear a gcásfadh beadh poill bheaga ann a leagfeadh an mhin fríd. Nuair a bheadh sí meilte, chuirfidhe ar chlar ar an tábla í, agus bheithfidhe a shuathfadh go mbeadh sé in a thuirtín borduighthe leath-orlach ar doimhne. Chuirfidhe ar an iarann aráin go mbruithfidhe é Dheanfhaidhe deireadh sé in aon lá amhain Tá áit ar an chnoc in nDoire Leach Connaill ar a dtugtar Póllan na Bróine Cionnus go rabh bró ann í bhfad ó shoin(continues on next page)