School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 051
- XML “Micheal Chordain”
- XML “Pisreogaí fá Lá Bealtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deir siad nach dtiofaidh mí ádh no droch-amharc a theacht ar an eallach an bliadhain sin. ( Pisreogaí uilig a bhí ann i bfad o shoin ma deir an sean focal na créid lucht pisreogaí )
- (continued from previous page)Miceal Chordain (ar lean o leath 46.
Tamall ‘na dhiaidh seo thainig comharsanach eile isteach ag airneal Paddie Dubh Ó’Dubhghain a bainm do agus bhí se ‘na taliúr agus bhí fios ag Micheal seo gan duine ar bith é a innse do agus ar seisean “Talliúr Muilteor agus muc na trí neithe is breanaigh ar chnoc”. Tainic m’athar mor-sa Seamus Mac Cnaimhsigh isteach fosta agus bhí siad ag brath cur i ndul do Miceal gur gárda a bhí ann ach arsa Micheal “Fear mór fada as an Dubaidh an áit na rabh ormsa riamh cumhaidh”. Bhí án-sport ag na gasraí ar an oidhche sin ach sa deireadh thoisigh siad o’ caitheadh dartain air. Chuir se suas leobhtha fada go leor, sa deireadh chuir siad Fearg air. Thog se an maide briste agus ní rabh se i bfad go rabh teach reidhtighe aige. Deirtear go bfuair se bás i dToigh Foirithne agus Sláinte na Puiblidhe i Srath an Urlar.