School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aodh Bán agus Séamus Crón go raibh go leor deánta acu agus d’imthigh siad go dtug siad iad fhéin i bpriosún Leithbhear agus go dtug siad suas an dá ghunna do’n ghárda.
Siubhail siad annsin go raibh siad i Mín an Lábáin, agus pill siad arais annsin a d’iarraidh a gcuid ara a congbhóchadh beo iad, na ní raibh dadaidh eile le na gcongbháil beo ach éanacha an aeir a bhí siad a sgaoileadh agus a íthe. Nuair a phill siad fa choinne a gcuid arm dubhairt an Gárda gur bh’iadsan na fir a bhí siad a dh’iarraidh agus cuireadh isteach i bpriosún iad. Bhí siad le cur ar a bhfiacail gach uile coithchighe ach sé an deireadh a bhí air gur crochadh Séamus Crón agus cuireadh Aodh Bán ‘na Tuirce. Díoladh é mar sglábhaidhe san Tuirc. Thug Séamus Crón fáinne bhí aige dó Aodh Bhán sul ar crochadh é, agus d’iarr sé air dá dtiocfadh sé a coidhche go hÉirinn an fáinne a thabhairt do na íngin a bhí na cómhnuidhe i Leitir ‘Ic a’ Bháird.
Ba é an obair a bhí ar Aodh Bhán sa Tuirc ag iomchar sac salainn as a’ bhaile mhór gach uile lá, agus é ag siubhail ar a ceithre boinn. Bheirfeadh sé leis an sac sin faoi n-a ascaill dá bhfuigheadh sé ceud sin a dheánamh ach ní bhfuigheadh. Ba é sin an pionus a cuireadh air. Ba é an meadhchon a bhí ins an mhála sé clócha déug.
Nuair a sháruigh ar Aodh Bhán lá amháin d’iarr sé ar a mhaighistear an mála a tharraingt amach ar a dhá ghualainn. Rinne an maighistir mar h-iarradh air agus nuair a fuair Aodh é ag tarraingt aniar a’ mhála thug sé amach sgian as a phóca agus thug sathadh do’n(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal