School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 147
  3. XML “Aodh Bán agus Séamús Crón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sgein do gur fhág sé ‘ns na smeachanna deireanacha é. Annsin, thóg sé an corp agus chaith sé i gcúl claidhe é.
    Bhí bean an mhaighistir ag fiafruigh goidé rinne sé leis an mhaighistear ach ní bhfuair sí sin amach. Dubhairt sí le Aodh annsin go gcaithfeadh seisean fanacht aicí-se ach d’innis Aodh díthe nach dtiocfadh leis sin a dheánamh ó thárla nar den chreideamh amháin iad agus nach ndeánfadh sé é ach oiread.
    Fuair Aodh Bán a theacht go hÉirinn agus chuaidh sé go Leitir ‘Ic a’ Bháird. Casadh isteach i dteach beag é a raibh fear agus bean ag dul ‘un bainnise. Chuir siad ceist ar Aodh an bhfanóchadh sé istoigh go dtí go bpillfeadh siadsan arais. Dubhairt Aodh nach bhfanóchadh nan ach mbeadh duine ar bith annsin a mbeadh nios mó fáilte roimhe na stucaire.
    Chuaidh siad go teach na bainnise agus bhí an t-uisce beatha dá chur thart. Ní ghlacfadh Aodh Bán a’n ghloine uidh dhuine ar bith go bfuigheadh sé gloinne o’n bhrdeóig óig í fhéin. Ba í ingean Seamus Chróin a bhíthear a pósadh agus nuair a thug sise an gloinne dó Aodh Bhán chuir seisean an fáinne ar thóin a’ gloinne. Chuir sise an fáinne ar a méir annsin agus d’aithin sí gur Aodh Bán a bhí aicí. B’eigean do’n cheud fhear imteacht agus phós sise Aodh Bán.
    Lá thar na bharach d’imthigh Aodh Bán go Inis Mhic a’Duirn an áit ar chaith sé tús a shaoghail, agus a raibh cuid mhór airgid aige. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an áit a raibh an t-airgead aige thainic an peist air as a’ Loch agus shlug sí é. Chuir sin deireadh le hAodh Bán.
    Eanáir 1936.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal