School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 36
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann a'n am amháin agus bhí sé do-chomhairleach i gceart. Thug sé a chúl ar an Aifreann agus cé go raibh a athair gabhail do ar fad fa dtaoibh de ní raibh maith ann.”
ScéalBhí fear ann a'n am amháin agus bhí sé do-chomhairleach i gceart. Thug sé a chúl ar an Aifreann agus cé go raibh a athair gabhail do ar fad fa dtaoibh de ní raibh maith ar bith ann. Domhnach amháin bhí broc sneachta ann agus thainic beirt fhear isteach ar a lorg fa choinne é ghabhail a sheilg.Bhí fearg ar a athair cionnus nach ndéanfadh sé an rud a bhí sé a iarraidh air agus ar a ghabhail amach ar an doras don mhac dubhairt an t-athair, "Tá súil agam nach bhfilleann tú go dtabharfar isteach ar na maidí thú."Shiubhail na fir leo. Níor bhfada gur éirigh giorrfhaidh mór dubh rompa. D'fhiach ach a'n fhear aca le n-a caitheamh ach sháruigh ortha urchar a chur ann. Lean siad don tseilg agus nuair a bhí an oidhche ag teacht scar seisean leis an bheirt eile agus thug aghaidh ar an bhaile. Chuaidh sé doimhin isteach ins an oidhche ach ní raibh sé ag teacht. D'éirigh a mhuintir ins an bhaile imnidheach fa dtaoibh do agus chuir siad isteach oidhche chéasta go maidin ag smaoitiughadh air.Teacht an lae chuaidh siad fhad leis an bheirt fear a bhí ina chuideachta agus chuir ceist ortha. Ca háit ar fhág siad é. Dubhairt na fir gur scar siadsan leis ina leithéid seo de áit, agus go dtug sé a aghaidh ar an bhaile. Chuaidh na fir leobhtha no gur thaisbean siad an áit dóibh agus ar rochtain(continues on next page)- Informant
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal