School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 64

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 64

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 64
  3. XML “An Madadh Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leigheadh, thug an bhean óg deora codhladta do’n bhuachaill. Thoisigh an bhean bhocht a innse do fá dtaobh de’n dóigh a dtug sé ar shiubhal í ó theach a h-athra go dtí an t-oileán uaigneach ar chúl na gréine, ach níor bhog ariamh, no bhí sé sa tsuan.
    Ar maidin thainig an bhean óg agus beith léithe. Thoisigh sí a bhuaileadh na mná boichte go raibh sí chomhair a bheith marbh aici. Nuair a chuaidh sí amach go dtí an teach ina raibh sí ar loistín, d’fhosgail sí an bocsa. Thainig crann tocharta amach as agus é ag tochartadh síoda uadh fhéin. Nuair a chualaidh an bhean óg, a bhítear a gabhail a phósadh, fá dtaobh de’n chrann tochartha chuir sí sgéala chuici ag iarraidh uirthí sin a chur chuicí-se. Dubhairt an bhean bhocht go gcuirfeadh dá leigheadh sí díthe codhladh ag n-a fear.
    Bhí óganach de fhear fa’n teach a bhíodh ag tabhairta gcodach do na muca, agus bhí sé ag éisteacht leis an mhnaoí bhoicht i rith na h-oidhche, - ag innse do’n bhuachaill óg an mhéid a chualaidh sé, agus go gcaithfeadh sé go rabh bean aige ar an domhan uachtarach. D’iarr sé air gan deóra codhladta ar bith a ól an oidhche seó.
    Thug an bhean a bhí le pósadh gloine fíona agus deóra codhladta do’n bhuachaill óg, ach níor ól sé an fíon. Chaith sé an fíon síos i gcúl na leabtha agus leig sé air fhéin go rabh sé ina chodladh. Níor bhog sé ariamh. Leig sise isteach bhean bhocht agus sul ar chuir sí an glas ar an doras fuair sí coinneal agus dhóigh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Bean Uí Dhuirnín
    Gender
    Female
    Age
    68
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal