Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 215](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_215.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 215
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 215
- XML “An Gearrán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Cuir amach an ceann eile”
Bhí an ceann eile dearg le fuil. Fuair an fáthach a chlaidheamh agus bhain sé an ceann dithe.
An dara lá thainic an Gearrán Bán agus chuaidh sé a ithe a choirce. Chuaidh an dara bean amach leis an mhaide bhriste. Ghreamuigh maide an phóta don Ghearrán Bán ar tús agus ghreamuigh an maide briste do anois, agus ghreamuigh an cailín do mhaide an phóta, ar tús agus ghreamuigh sí do’n mhaide briste anois.
D’imthigh an Gearrán Bán leis agus stad mara no mór-comhnaidhe ní thearn sé go raibh sé ag teach an fháthaigh.
Bhí an cailín ag brathach imtheacht ‘un an bhaile ach thainic an fáthach amach agus thug sé isteach í.
Thug an fáthach an trí eochair dhéag duithe agus d’iarr sé uirthi gan a dhul ins an cheann iochtarach ach an dá sheomra dhéag a ghlanadh. Nuair a bhí an dá sheomra dhéag glanta aici chuir sí síos a cos agus bhí sí dearg le fuil nuair a tharraing sí aníos í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall