School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 176
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a Dó
“Bhí fear thiar ar an Dumhaigh am amháin agus ní rabh sé abálta an cíos a dhíol. Bhí an tighearna ag déanamh rud mór air; agus ní rabh fhios ag an fhear bhocht caide ba chomhair do a dhéanamh.”
Sgéal a dó.Bhí fear thiar ar an Dumhaigh am amháin agus ní rabh sé abálta an cíos a dhíol. Bhí an tighearna ag deánamh rud mór air; agus ní rabh fhios ag an fhear bhocht caide ba chomhair do a dhéanamh.
Bhí cruach coirce aige agus dubhairt sé go rachad sé ‘un an aonaigh leis.
Nuair a bhí sé ag gabhail thart ag Coróin Buidhe tháinig fear amach roimhe. Labhair an fear leis agus dubhairt sé “Cá bhfuil tú ag dul anois”. “Tá mé ag dul ‘un aonaigh le stór beag coirce arsa an fear. “Ó maise ceannóchaidh mise uait é” “Maith go leór” “Cá mhead airgead atá a dhíoghbhailt ort”? arsa an fear.
Labhair an fear beag arais agus dubhairt sé. “Sin mo áitse thoir annsin imthigh thusa agus gheobhaidh tú do chuid airgid ins an teach sin. Béidh mise annsin romhat no tá mise ag dul an aithghiorra.
Nuair a bhí an fear chomhair a bheith ag an teach chualaidh sé ceól iongantach deas. Chuir seo iongantas air. Sa deireadh fuair sé ‘uig an doras. Chuaidh sé isteach agus thug an bhean tae do.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Informant
- Gráinne Ní Cháilín
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal