School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 190
- XML “Scéal a Dó”
- XML “Scéal a Trí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a Dó (continued)
“Bhí fear 7 bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amháin. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrge 7 d'éirigh an spéir dorcha.”
(continued from previous page)na dhá chuid o cheann go ceann an báidh. Annsin tháinig siad chun na bhaile slán. I dthrath an mheadhon laé lá thar na bhárach. Tháinig fear isteach. Thug sé cuireadh do’n fear a chaith amach an sgian. D’imthigh leo dtáinig siad go dtí an fhairrge. Chuaidh siad ar bord agus tháinig siad i dtír ag gleann mór. Shiubhail leo go dtáinig siad go speannc mór d’fhosgail an speannc amach. Chuaidh siad isteach, bhí bean i n-a luighe ar cholbha na leabhtha agus an sgian póca a chaith sé amach ins an fhairrge saithte faoi na croidhe. Dubhairt sí leis an sgian a tharraingt. Dubhairt sé nach dtarraingeóchadh mura bhfágad siad arais é. Dubhairt an bhean leis. “Ba mhaith a rinne tú sin nó bhí mise ag gabháil do mhuineál a ghearradh”.Scéal a Trí
“Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dhéanamh dó.”
Sgéal a trí:-Bhí fear agus bean ann fad shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dheánamh dó. Bhí fear siubhal ar lóisín aca, luigh sé ag an teinidh, i lár na h-oidhche. D’iarr an fear ar an bhean an tae a dheánamh dó. Dubhairt sí nach dtiocfhadh léite éirighe agus an fear siubhail annsin. Ma bhíom ag deánamh tae(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Chnáimhsighe
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal