School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 287
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe na sean-AimsireBhíodh cochán mar toighe ar na toighthe ag n-a sean daoine. Bhíodh an chuid is mo de na toighthe comgarach d’a chéile agus iad giota maith ó’n bhealach mhór.
Bhíodh leabaidh sa chóirneál a chois na teineadh fa chuid a ba mo de na toighthe agus bhéadh balla beag ag cois n-a leabtha leis an fhuacht a chongbhailt ar shiubhal, no sé an duine a ba shine sa teach a ba ghnáthach luighe ann.
Sa chuid is mo de n-a toighthe bhéadh an teine sa bhinn. Ní bhéadh simléar ar bith ann acht poll thuas ar bharr an toighe leis an tóit a leigint amach Móin an t-adhbhar teine a bhíodh aca.
Dhá dhoras a bá ghnáthach bhéith ar na toighthe agus bhéadh an comhla deánta de shlata fosta.
Fuinneóg amháin a bhíodh ar na toighthe agus ní bhéadh gloine ar bith ionnta. Bhéadh cochán ionnta san oidhche.
Urlár cré ghorm no leacacha a bhíodh ins na toighthe.(continues on next page)- Collector
- Cristiana Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female