School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 370](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_370.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 370
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an fear saidhbhir ‘n-a bhaile agus lúthghair an t-saoghail air. Chuir sé an muillean a ghabhail agus i gcionn trí lá ní raibh áit siudhe ná seasamh aige, mar bhí an teach lán bídh. D’imthigh sé chuig a dhearbhrathair agus d’agair sé air a ghabhail agus an gleas draoidheachta a thabhairt ar siubhal as a amharc. stop an fear eile an muillean agus thug leis ‘n-a bhaile é.
Dubhairt a bhean leis gur cheart daobhtha [furm]? talaimh a ceannacht, agus nuair a thiocfadh as da gclann gur mhaith an talamh aca. Chuir an fear an muillean a ghabhail agus thoisigh sé a chathadh amach airgid agus óir. Chuir sé amach ginídheacha, scillingeacha agus pighinneacha go raibh an méid soitheach a bhí sa teach aca líonta. Dubhairt an bean gur leor sin an oidhche sin agus go dtiocfadh leo tuilleadh fhághail lá thar na bharach dá mbíodh siad a dhith ortha, agus chuaidh siad a luighe.
Fríd an oidhche tháinic soitheach de chuid na h-ioruaidhe i dtír, agus chualaidh an captaoin(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Informant
- Meadhbh Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal