School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 385
- XML “Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Arú", ar' sise, "an bhfacaidh tú Pádraic s'againne annsin, ná caidé 'n cineal dóigh' atá ar mo leanbh bocht?"
"Tá sé annsin", ars' an fear, "agus leoga leis an fhírinne a innse duit, tá dóigh beag anásta go leor ná ní'l snáithe éadaigh aige le cur air".
Nuair a chualaidh an bean seo, chuaidh sí suas 'un t-seomra agus thug sí anuas an chulaidh a b'fhearr a bhí ag Seagan, a chulaidh Domhnaigh, agus thug sí do'n fear choimhthigheach í. D'imthigh an fear leis annsin agus é ag gáiridhe, agus ba' bheag an dochar do sin, ná fuair sé culaidh úr éadaigh i n-aiscidh.
Eadar sin agus tráthnóna tháinic Seaghan isteach fá choinne bolgam tae agus d'innis a mháthair do fá'n fhear a tháinic isteach chuici agus an droch dhóigh a bhí ar Phádraic anns na flaithis. Nuair a chualaidh Seaghan an scéal bhí sé mío-shásta le n-a mháthair.
"Nach bhfuil fios agat, gur sin fear a bhí ag magadh ort?" arsa Seaghan, go feargach.(continues on next page)- Collector
- Iseabal Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Somhairle Mac Giolla Chluig
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal