School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 407
  3. XML “An Cailín Falsa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an líon seo a sníomh, ach ní thig liom é deanamh, ní béidh sé deanta a choidhche agam", ars' an cailín
    "Má thabhaireann tú cuireadh 'na bainfheise damh-sa, sníomhfaidh mise é," ars' an bhean bheag.
    "Bheirfidh agus fáilte", ars' an cailín.
    Bhí cos iongantach mhór ar an mnaoi seo. Shuidh sí síos ag an roithlean agus ní raibh i bhfad go raibh deireadh sníomhtha aici, agus d'imthigh sí amach ar an fhuinneóig arais.
    Nuair a tháinic an bhainríoghain fhad leithe arist fá choinne í thabhairt chuig a dinnear bhí iongantas mór uirri nuair a chonnaic sí go raibh deireadh sníomhtha ag an cailín.
    "Is tú an cailín is fearr a chonnaic mé ariamh", ar' sise leis an cailín.
    Lá thar na bharach thug sí an cailín isteach i seomra eile a raibh seol ann agus an snáth a shníomh sí an lá roimhe sin.
    "Caithfidh tú fígheadóireacht a dheanamh indiu, agus lín-éadach a dheanamh de'n t-snáth" ars' an bhainríoghain.
    D'imthigh an bhainríoghain agus thoisigh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Síghle Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal