School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 415
- XML “Colainn gan Ceann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chéile arist agus aníos an t-urlar le Colainn gan Ceann agus chaith sé síos i lár an urláir an pota tae a bhí ag an bhuachaill bhocht a dheanamh réidh fá choinne a suipeara. D'éirigh an buachaill agus rinn sé an cleas céadna. Annsin d'imthigh Colainn gan Ceann agus chuaidh an fear i luighe agus fuair sé suaimhneas go maidín.
Níor luaithe d'éirigh an grian ar maidín ná bhí mac an ríogh ag doras an chaisleain ag cur scairt as, an raibh an buachaill beo. Dubhairt an buachaill go raibh agus d'fhoscail sé an doras do. Nuair a tháinic mac an ríogh isteach d'innis an buachaill bocht do an scéal ó thús go deireadh, mar tháinic Colainn gan Ceann chuige agus gach rud dá dearn sé.
Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí oidhche ar na bharach. Dubhairt an buachaill go raibh sé ag gabhail a chodladh sa chaislean an oidhche sin araist. Ní raibh an rí agus a mhac sásta é leigint ar eagla go muirbhfidhe é; ach sa deireadh leig siad é.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal