School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 420

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 420

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 420
  3. XML “Seaghan agus Páidí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuir sé anonn an t-airgead ar son an phionnta. “béidh mé isteach arais”, ar seisean fá choinne mo chuid briste. Nuair a chraitheas mé mo hata trí huaire tabhair an briseadh damh. Chuaidh sé isteach i dteach biotailte eile agus rinn sé an cleas céadna.
    Nuair a tháinic sé amach as an dara teach casadh fear uasal air: slabhra mór óir crochta le n-a brollach agus fáinní óir ar a mhéara. Iudach a bhí ann. Chuir Páidí ceist air an raibh sé i bhfad go Lonndain. D’iarr sé ar Pháidí a gabhail síos guta beag an t-sráid agus go mbéadh sé i Lonndain.
    “Fear modhamhail, macanta, atá ionnad”, arsa Páidí, “agus cá bhfágann tú mise go mbéidh pionnta againn le chéile”.
    Thug Páidí isteach é, go teach tabhairne agus scairt sé ar dhá phionnta. Annsin chraith sé a hata trí huaire agus thug fear an t-siopa an briseadh do.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Pádraic Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    44
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal