School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 440
- XML “An Fear a Bhí gan Léine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)innti go mbéadh se léighiste.
Cuireadh teachtaire ar siubhal sa bhomaite a chuartughadh na léineadh. Shiubhail an teachtaire leis agus ní'l aon fhear dá gcasaidh [?] air nach gcuireadh sé ceist air an raibh a dhath ag cur bhuadhartha air ach bhí rud éighinteacht ag cur bhuadhartha ar 'acha'n dhuine aca.
Sá deireadh nuair a bhí sé tuairim agus ar dhá bhliadhain ar siubhal, bhí sé ag gabhail fríd ghleann mhór, aon lá amhaín agus chualaidh sé an ceol a ba' deise a chualaidh sé ariamh. D'amharc sé thart agus 'n-a luighe ar laftán fá ghiota do chonnaic sé fear bocht agus 'acha'n ailleóg cheoil aige.
Dár leis an teachtaire tá mé ar dhruim na muice fá dheireadh. Chuaidh sé fhad leis an fhear bhocht agus chuir sé ceist air an raibh a dhath ag cur bhuadhartha air agus dubhairt sé nach raibh a dhath faoi 'n ghréin ag cur bhuadhartha air.(continues on next page)- Collector
- Eoghan Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Aodh Ó Duibheannaigh
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal