School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 463
- XML “Bhí an tÁdh air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rinn an mháthair trí bunógaí móra, agus trí bunógaí níos lúgha na sin de arán choirce.
Ar maidín rinn an triúr réidh le himtheacht. Nuair a bhí an chead fhear ag crathadh láimhe le ‘n-a mháthair agus fágailt slán aici, chuir sí ceist air cá aca b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht ná an bhunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sé gur b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht. Thug sí an bhunnóg mhór do, chuaidh síos ar a dhá glún agus chuir a seacht mallacht roimhe agus ‘n-a diaidh. Thug an mac buidheachas dithe agus d’imthigh sé leis.
Chuir sí ceist ar an dara mac cé aca b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht ná an bunnóg beag agus a beannacht. Dubhairt seisean gur b’fhearr leis an bhunnóg mhór agus a mallacht. Thug sí an bhunnóg mhór do, chuaidh sí ar a dhá glún agus thug a seacht mallacht do. Thug sé buidheachas dithe, craith lámh leithe agus d’imthigh leis i gcionn an bhealaigh.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal