School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 473
- XML “Scéal an Fhathaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhad leis an caislean a raibh inghean an ríogh ann. Bhí an glas ar an doras agus bhris fear an ghunna é le urchar. Chuaidh an gadaidhe isteach agus ghoid sé an cailín óg.
Bhí an fathach ‘n-a luighe chois na teineadh agus é ‘n-a chodladh. Nuair a mhuscail sé criothnuigh sé an cailín ar siubhal agus lean sé iad. Nuair a bhí an bád giota maith amach san fhairrge chonnaic siad an fathach ag teacht ‘na ndiaidh agus bladhairí teineadh amach as a chraos, ar a theacht comhgarach do’n bád do scaoil fear an gunna urchar leis agus thuit sé marbh san fairrge.
Tháinic siad ‘n-a bhaile annsin agus bhí scaifte mór daoine ag an chladach ag fanacht leo. Cuireadh fáilte mór rompa nuair a tháinic siad i dtír. Bhí lúthghair mhór ar an rígh agus ar an bhainríoghain nuair a fuair siad an inghean arais.
Fuair an gadaidhe inghean an ríogh le pósadh agus bhí bainfheis aca a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá agus bhí(continues on next page)- Collector
- Nuala Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Cait Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 27
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal