School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 510
- XML “Cailín na nGéach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tháinic tart ar Mháire agus dubhairt sí leis an chailín, "Gabh síos, led' thoil, agus tabhair chugam deoch uisce anns an chupa óir seo".
"Gabh fhéin síos agus ól do sháith", ars' an cailín.
Thuirling sí de'n chapaill, chuaidh ar a dhá glún ag taoibh an uisce agus d'ól deoch. D'imthigh siad leo annsin agus ní raibh i bhfad go dtáinic tart ar Mháire araist, agus dubhairt sí leis an chailín, "Gabh síos, led' thoil, agus tabhair chugam deoch uisce ann mo chupa óir"
"Gabh fhéin síos, agus ól do sháith," ars' an cailín, "ní'l mise annso le freasdal ort-sa," agus dubhairt an chras óir a bhí ann a póca ag Maire, Dá mbéadh fhios ag do mháthair seo sí bhéadh buadhartha" Thuirling sí fhéin o'n bheathadhach chuaidh go dtí an t-uisce agus d'ól deoch.
Nuair a bhí sí ag éirigh ó n-a dhá glún thuit an chras óir amach as a póca agus d'imthigh sí leis a' t-srúth.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Siubhan Níc Gioll' Easbóig
- Gender
- Female
- Age
- 59
- Address
- Anagaire, Co. Donegal