School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé an-tugtha de'n ólachán. Lá amháin bhí sé ag siubhal ar an bhealach mhór agus é ar misge. Thuit sé i n-a chodladh. Thárla go rabh sgaifte fear a gabhail chuig na gcuid oibre i bpoll guail agus dar leo go mbuailfeadh siad boc air. Thug siad leo síos 'na poill é agus d'fhág annsin é. Nuair a tháinig seisean cúige féin agus shónruigh sé an áit a rabh sé agus na fir a bhí annsin agus a n-aghaidh comh dubh leis an díabhal cha rabh fios aige caidé a bhain dó. D'fhiafruigh sé dó fhear aca cé'n áit a rabh sé agus duabhairt an fear leis "Tá tú i n-Ifreann ach ní droc áit í." Annsin thug siad a sháith le h-ithe dó agus d'fhág siad buideal eile uisce beatha aige. D'ól sé an buidéal agus ba ghoirid gur thuit sé i gcodladh misge eile. Annsin thug na fir leo é agus d'fhág siad é ins an áit cheadhna (é) ar thaoibh an bhealaigh an mhóir(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Ghabhann
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Gabhann
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal