School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 151
  3. XML “Cláiríneach na Luatha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rinne bean an toighe bonnóg aráin agus chuir sí an bhonnóg leis an teine agus d'fág sí an cailín dá coimhead. D'órduigh sí díthe gan leigean d'on bhonnoig dóghadh. Chuaidh bunadh an toighe síos 'un t-seomra agus thoisigh siad ar an cheól a ba deise dá gcuala tú ariamh. Bhi an ceól comh deas sin go dtug an cailín taitneamh dó. Rinne sé dearmad ar an tuirtín agus doigeadh é. Nuair a bhi an ceól thart tháinig bean an tighe aníos agus d'amharc sí ar an tuirtín.
    "Is tú an cailín is measa dá bhfaca mé ariamh" ar sise. "Lig tú dó'n aran dóghadh" Bheir sí ar an tuirtín agus chnag sí an cailín leis agus rinne creag cloiche díthe taobh amuigh de'n doras.
    Bhfada dhon mháthair sa bhaile a'fuireach le sgéala uaithe. Nuair a bhi sí bliain agus lá ar shiubhal agus gan fhios an beó no marbh í, d'éirigh an dara ingean agus ar sí le n-a máthair, "A mháthair, bliain agus an lá indiu a d'imthigh mo dheirbhshiúr agus ní bhfuair muid sgéala fá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Collector
    Meadhbh Ní Gabhainn
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ó Dubhghain
    Gender
    Male
    Age
    77