School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
![The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 207](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1069%2FCBES_1069_207.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 207
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 207
- XML “Bás Bréige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhághail."
"Maise," arsa'n fear eile. "Is cuma go luath no go mall é 'sé'n bás atá i ndán dúin ca bith."
"Bhal," arsa'n chead fear. "Gheobhaidh mise bás ach na lig de dhuine ar bith mo chorp a níghe ach tú féin".
"Maith go leór." arsa'n dara fear.
Fuair an chead fhear bás ma b'fhíor agus chruinnigh an chómhursa isteach le n-a dheánamh 'fhaire. Dubhairt cuid aca go mb'fheárr an corp a nighe, acht dubhairt an dearbhrathair go rabh an corp nighte glan réidh agus dá mbíodh cómhnair air anois go mbéadh gach rud ceart go leór . Fíafruigheadh dó an rabh a sháith airgid aige le n-a adhlacadh agus dubhairt sé nach rabh leith phiginn ruadh no gheal faoi chreathaibh an toighe. Dubhradh annsin go gcaithfidh an t-airgead a chruinniú agus h-ainmnigheadh beirt as 'ach baile leis an chruinniú a dheánamh. Nuair a bhi an t-airgead cruinnighthe cheannuigh siad(continues on next page)- Collector
- Séamus O Mhaoilchiarain
- Gender
- Male
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Informant
- Peadar O Dubhgain
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal