School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 212
  3. XML “Gasúr an Bhearnais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "m'anam gur ádhbhar fear clisde thú a ghasuir an bheárnais" arsa O Dómhnaill ag éirge i n-a sheasamh,"agus anois sul a n-imthighim uait, cuirim d'íachall ort a bheith i mBaile-Atha-Cliath roim an meadhon lae mí on lá indiu."
    "Tá'n bóthar fada achrannach agus an costas trom, a ghiolla udaigh." arsa an gasúr.
    "Bíodh, nó na bíodh bí thusa i mBaile-Átha-Cliath no béidh aithreachas ort dá chionn." arsa O Dómhnaill.
    "Caidé do ghnoithe liom ann agus caidé éirochas damh muna dtéidh mé?" a d'fhiafruigh an gasúr.
    "De thairbhe mo ghnoithe leat níl tú i n-áit na ceastórachta." arsa O Dómhnaill. "Ach i dtaoibh do phionuis dó , bhéarfaidh mise breitheamh nas do chrochta ort, an ceann a bhaint duit agus é chur ar píce i lár sráid an mhargaidh i mBaile-Atha-Cliath mar rábhadh do dhuine ar bith a bhéarfadh dúbhslán an Dómhnallaigh."
    Maise is feárr liom mo cheann ar mo cholann no ar píce lá ar bith agus béidh mé i mBaile-atha Cliath ar an uair a luaidh tú dá mba ndán a's go rachadh an cat 'un
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Mín Doire, Co. Donegal