School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    intinn le rud éigin a dhéanamh ar an bhean agus seo an rud a rinne sé. Chuaidh sé amach agus ghuidhe sé Día leis na sídheogai uilig í a leanstan nuair a gheobhadh siad amuigh í. Phill seisean isteach annsin nuair a mheas sé a sháith a bheith ráidhte aicí-se agus shuidh sé síos ag cois na teineadh. Rinne an bhean réidh agus d'imthigh sí 'un t-siopa ar an deich a chlog san oidhche. Nuair a bhí sí ar an taoibh amuigh de'n doras thoisigh an seanduine a bhí astoigh ar gach aon sgread agus búirfe. Bhuail eagla ise agus phill sí isteach arais agus fuair sí an seanduine casta chathte astoigh sa teine ar mhullach a chinn ag na taidhbhsi beaga. Comh luath géar a's tháinig sí isteach chuir an t-sean-bhean ceist air caidé a tháinig air. Ní thabhairfeadh sé isteach go rabh rud ar bith ciotach leis. D'imthigh sise arais annsin agus ma d'imthigh bhi seisean ag fághail cuachadh bocht ó na taidhbsí gur phill sí. Thug siad an seanduine leó ar ghreim ruball amach ar an doras.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cill Ulta, Co. Donegal
    Informant
    Seán O Cearbhaill
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cill Ulta, Co. Donegal