School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 250
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhi siad tamall amuigh thoisigh an spéir ag éirge dorca agus an fhairrge garbh. Chuaidh an bád a shanceáil agus tháinig eagla ar na daoine. Bhi sgian phoca ag fear aca agus chaith sé amach ins an fhairrge í. Shocair an fhairrge agus fuair siad isteach ar talamh thirm láthar na bhárach. Bhi fear aca a'gabhail dó na bádai agus tháinig fear beag fhad leis nar aithin sé. Chuir sé ceist air an dtiocfadh leis tamall de oichdhe a chathamh leisean agus go ndéanfadh sé gar mór dó. Bhi eagla ar an fhear an chead uair acht d'íarr an fear beag air gan eagla a bheith air. Chuaidh sé leis an fhear bheag agus shiubhail siad leo go dtáinig siad fhad le bád. D'iarr an fear beag air a ghabhail isteach san bhád. Chuaidh. Sheól siad leó soir cois beanna móra agus ins an deireadh bhuail a bád isteach i n-éadan binne. D'fhosgail doras ins an bhinn agus chuaidh siad isteach. Bhí mórán daoine cruinnighthe annsin. D'íarr siad ar an fhear amharc thart fhiachail a n-aithneochadh sé aon duine. Dubhairt sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish