Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 7
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann i n-am amháin agus nuair abhí sí ag fhághail bháis d'fhá sí an dá plháincéad ag fear le na congbhuilt té.”
(ar lean ón leathanach roimhe)leat dhá leath a dhéanamh dó'n chaorach. D'imthigh an sagart ag racaidh shíl sé gurab é taidhbhse abhí ann. Bhí an beirt fear 'na diaidh Bhí an fear ag dhul thart an bhealaigh móir. Chonnaic seisean an duine ag teacht agus an phlaincéad air. Shíl sé gurab é taidhbhse an mná a chuireadh abhí ann agus d'imthigh sé bhaile. Bhí an mháthair in a luighe agus thosuigh sé ag innse díthe go bhfacaidh sé taidhbhse na mná. agus dubhairt sise leis cad chuige nar seasuigh tú go bhfeicfea caidé abhí ag cur buaidhreadh uirthí, bhféidir go rabh sí ag bráth an plaincéad a thabhairt duit. D'imthigh an bheirt acú arais chun castáil uirthí go bhfeicfeadh siad ca rabh sí ag dul. Nuair a chuaidh siad píosa chonnaic siad an rud bhán agus d'aithinn siad gurab í abhí ann. Nuair a chuaidh siad fa ghiota díthe mhothuigh siad an tormon agus shíl siad gur casadh duine inteacht uirthí abhí a marbhadh. Bhí na fir ag deánamh dha léith dó'n caorach annsin. Chonnaic siad an mhuinntir seo ag teacht agus d'imthigh siad ag rachaidh agus fuair siad ar shiubhal ortha. Maidín lá na bhárach d'imthigh an fear go bhfeicfeadh sé an rabh fuil nó a dháth le feiceal 'san áit. Chonnaic sé an fuil a thuit ó'n caorach agus bhí cinnte gurab í an fuil a bhain siad amach as an mhnaoí agus nach rabh sí marbh ar chor-ar-bith nuair a cuireadh í. D'imthigh siad annsin agus thóg siad aráis í agus bhí faire eile acú uirthí.- Bailitheoir
- Seán Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Aodh Mhic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal