School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)adhmad agus nuair a bhíonn an cat in a shuidhe ag an teinidh agus a chul isteach is comhartha é go bhfuil droch aimsear ag teacht. Nuair a bhíonn loinnir mór ins na carraiceacha indiaidh é a bheith ag cur fearthanna is droch chomhartha é, agus is droch aimsir áta ag teacht nuair a biónn ceo ar an Mhucais. Nuair a bhíonn tormán mór ag an fháirrge thiar is comhartha é go bhfuil droch aimsir ag teacht, ach nuair a bhíonn tormán ag an fharraige thoir is comhartha é go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. Nuair a bhíonn éanlaith na fairrge ag teacht isteach ar an talamh thirim is comhartha é go bhfuil droch aimsir ag teacht. Nuair a bhíonn cuid mhór míoltogaí ins an spéir sin comhartha go fuil aimsir fhliuch ag teacht. Nuair a bhíonn callán mór ag na beachógaí sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht agus fosta bíonn aimsir mhaith ag teacht nuair a bhiónn gal as na cuibhrinn.
- Collector
- Róise Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal