School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 267
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luibheanna Tá léar cíneal luibheanna ag fás ins an am i lathar. Tá luibh ag fás a dtugtar an ghairleog air, agus gnidheann sé maith mhór do'n talamh, agus fosta tá an luibh seo iongantach maith fá choinne biseach a dheanadh de'n tslagdan. Tá luibh eile ag fás ins na lochannaí a dtugtar an bachrann air agus bruitheann na daoine é agus ólann siad an sugh i Mí na Márta fá choinne maith a dhéanamh do ar sláinte i rith na bliadhna. Fasann an luistearnach fríd na préataí agus plúchann sé na préataí uilig, agus ní bhíonn tú ábalta iad a bhaint nó iad a ithe mar go mbíonn droch bhlas ortha. I bhfad ó shoin ba ghnathach leis na daoine dath a dheanadh fá choinne éadach amach as luibh a dtugtar an crotal air. Tá luibh eile ag fás a bhfuil ceiteal an gharraidh mar ainm air, agus tá léar duilleogaí air, agus fosta tá bolamh deas as. Tá ceann eile ag fás a dtugtar an lubh air agus ghnidheann sé dochar do'n talamh. Bíonn an lubh seo ag fás i ndroch talamh, agus má itheann gabhar as bith é geibhenn sé bás.(continues on next page)
- Collector
- Méadhbha Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal