School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 275
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luibheanna.Fásann cuid mhór luibheanna ins an talamh fa’n áit seo agus fásann cuid aca i dtalamh maith agus fasann cuid aca i dtalamh olc. Gnidheann cuid de na luibheanna an talamh saidhbir. Fasann cál gortach agus fríd an coirce agus milleann siád é. Fasann súiliní buide fríd na préataí agus milleann siad na préataí ar na daoine. Fásann na suiliní buidhe ins na turnaipí, fosta agus fosta fásánn cál gortach ins na turnaipí. Fásann na ballain bhuidhe ins na páirceanna agus fásann coll fáitche cois na gclaidhtheach. Tá gáirleog ag fás ins na cuibhrinn agus tá sé maith fá choinne an t-slagan. Fásann raitneach cois na abhann agus ins na cuibhrinn agus ait ar bith a mbíonn sé, ní fhasann féar ar bith. Fásann bachran ar na carraigeacha ins an Earrach agus fosta fásann sé i n-áiteacha boga. Má iteann bó báinne gairleog bíonn blas na gairleoige ar an bhainne go cionn seachtmhaine na dhiaidh sin. Tá bachrann iongantach maith fá choinne gach cíneal aicideacha a léigheas agus baineann cuid mhór daoine é ins an Earrach. Dá mbéadh an talamh treabhta cúpla uiar indiaidh a chéile ní fhasfadh na luibheanna níos mó. Bíonn bhuaidhreadh iongantach ag na feirmeoirí ag congbhail na luibheanna as an talamh.(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Buadhaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Micheal Ó hOireachtaigh
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal