Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 238
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - An Fear nár Dhíol an Cíos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d’ith sé an chearc. Ar maidin nuair a d’eirigh siad d’fiafruigh an t-Éireannach do’n Albanach caidé’n briongloid a bhí aige areir. “Shíl mé go dtainig Aingeal anuas a’s na Flaithis agus go dtúg sé mé leis suas”. O” arsa an t-Éireannach “nuair a bhí tusa (shuas) ag imtheacht suas d’éirigh mise agus d’ith mé an cearc”.
- Scéal.
An fear nar dhíol an cios.Bhí fear ann aon úair amhain agus ní rabh a dháth airgid aige leis an chios a dhíol agus b’éigean dó an [beidhidheach]? a thabhairt leis agus é a dhíol. Nuair a chuaidh sé giota fada thainig sé fhád le teach le taobh an chladaigh agus casadh dhá fhear dé agus d’iarr sé ortha a ghabhail isteach agus cluithche cardaí a imirt. Isteach leis agus dubhairt siadsan go gcongbhochadh siad an beithidheach dó go dtiocfadh sé amach.
Isteach leis agus comh luach agus a chuaidh séisean isteach léig siadsan ar shiubhail an beithidheach. Tóisigh sé a imirt agus bhain sé gach cluithche agus bhí a chuid pocaí lán airgid. Cupla lá na dhiaidh sin fuair a mhuinntear rud éigintheacht cosamhail leis an fhear a d’imthigh ag an chladach agus thúg siad na bhaile é agus chuir siad é. B’éigean do’n bhean a ghabhail agus punt a fhaghail o’n t-sagart, fá choinne é a chur. Cupla lá na dhiaidh sin thainig an fear a d’imthigh agus nuair a chonnaic siad é druid siad an doras air mar gur shíl siad gur a thaidhbhse a bhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Luadhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Donegal