Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I 1847 ba ghnáth leis na daoine an brachan a fhághail i nGleann Ríogh. Tugadh amach é do na daoinibh bochta taobh amuigh de seo i dtubarnaibh agus i gcruísginibh. "Brachán Réidh" a tugadh air.Ba ghnáth le beirt fhear dhul achan Luan go Sligeach fa choinne mine. Do philleadh siad tar nais gach Satharn. Do roinneadh an mhin amach dos na daoinibh bochta 'n-a bpúinntaibh (?) ag Droichead Leacach. Tá sean bhean Neans Nic Úghdhaill sa cheanntar seo (88 bl. d'aois) a bhfuil cuimhne mhaith beacht aicí ar seo.Fa réím an Tighearna Liathdrom gheibhtear radharc ar na (?) ag baint le cíorcuaibh (?) srl.
Sgéal Beag: "An Cat Dúbh"Bhí fear annseo aon uair amháin a a tugtar Mac Daibhid air. Ó bhí sé n-a ghasúr bhí sé an tugtha do'n olachán. Oidhche 's ló bhíodh sé ar meisge ar phoitin mar is annamh a bhiodh luac an uisge beatha aige. D'fhág a athair an fheirm aige - agus ba í sin an fheirm - neart ba, barr 'suile. Chá rabh saoghal fada ag Mac Daibhid(leanann ar an chéad leathanach eile)